Admin Login

Oifigeach na Gaeilge

By Mary Morgan Fri 6th Jul

Oifigeach na Gaeilge
Oifigeach na Gaeilge

Bhí thart ar fiche Oifigeach Gaeilge i bPáirc Uí Nualláin aréir don chéad chruinniú chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn i CLG Chill Chainnigh. Tháinig siad ó gach cearn den chontae chun éisteacht le Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael ag caint faoi Fhondúireacht Sheomsaimh Mhic Donncha. Tugann an Fhondúireacht seo spriocanna do chlubanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh sa cheantar agus cuirtear deontais ar fáil dóibh freisin. I láthair ann freisin bhí Runaí Conor Denieffe agus Seán Breathnach, Oifigeach Gaeilge an Chontae, a labhair faoin gcomórtas Scór agus an dea-obair atá ar bun ag na ciorcail chomhrá timpeall an chontae. Ar an oíche, bhí an deis ag gach duine cuairt a thabhairt ar Pháirc Uí Nualláin freisin, treoraithe ag Cathaoirleach Bord an Chontae Jimmy Walsh agus Oifigeach Forbartha Séamus Reade. Bhain gach duine an-taitneamh agus an-tairbhe as an ócáid agus is léir anois nach bhfuil mórán i gceist leis an nGaeilge a chur chun cinn sna clubanna anseo i gCill Chainnigh.

Around twenty Irish language officials were present at Nowlan Park last night for the first meeting to promote the status of Irish in Kilkenny GAA. They came from all over the county to listen to Cabríní de Barra from Ghlór na nGael speak about the Seomsamh Mhic Donncha Foundation. This Foundation gives goals to clubs that are trying to promote Irish in the locality and it also provides them with funding. Also present was Runaí Conor Denieffe and Seán Breathnach, Irish language official of the County Board, who spoke about the Scór competitions and the good work being done by Irish discussion groups around the county. On the night, everybody had the opportunity to visit the county grounds, guided by County Board Chairman Jimmy Walsh and Developmet Officer Seamus Reade. An enjoyable and fruitful evening was had by all and it is now clear that a little effort will go a long way in promoting Irish in GAA clubs here in Kilkenny.

 

By Mary Morgan Fri 6th Jul

Related News

View All

Main Partners