Admin Login

Scór na nÓg

By Mary Morgan Thu 16th Mar

Scór na nÓg
Scór na nÓg

Tráthnóna Dé Céadaoin i bPáirc Uí Nualláin UPMC thug seacht bhfoireann ó fud fad an chontae faoi Thráth na gCeist Scór na nÓg Chill Chainnigh. Buíochas leis na foirne ó Na Hlathghlasaí, Éire Óg, Gaeil Uí Lochlainn agus Seamuis Stiopháin a tháinig le fuinneamh agus comhghairdeas ach go háirithe do na Hlathghlasaí a thug an lá leo. Go n-éirí le hOisín, Rachel, Cormac agus Conor a théann ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais Laighean ar an 2 lá Aibreán. Buíochas le Shane,  Lughaidh agus Mary agus Bord an Chontae a chabhraigh linn an ócáid a chur ar siúl freisin.

Is gné amháin den chomórtas Scór na nÓg é an Tráth na gCeist, mar aon le amhránaíocht, seinm ceoil, aithriseoireacht, sceitse grinn, damhsa agus eile. Beidh na babhtaí seo ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin seo chugainn, an 22 lá Márta, sa Set Theatre. Níl sé ró-dhéanach cur isteach air, déan teagmháil le Shane ag irishculturalofficer.kilkenny@gaa.ie le níos mó eolais a fháil.

 

By Mary Morgan Thu 16th Mar

Related News

View All

Main Partners